Polasaí um Chosaint Leanaí
Polasaí um Chosaint Leanaí
Toisc iad a bheith óg fós agus ag brath ar dhaoine fásta, tharlódh drochúsáid i mórán slite. Is iad tuismitheoirí agus caomhnóirí príomhchúramóirí leanaí. Tá an Chomhairle freagrach, áfach, as cosaint leanaí a chinntiú agus iad ag glacadh páirt i ngíomhaíochtaí dá cuid.
Baineann an polasaí seo leis an bhfoireann ar fad. Caithfidh baill foirne a bheith ag cuimhneamh i gcónaí agus iad i mbun dualgas go mbíonn leanaí leochaileach agus caithfidh an fhoireann a bheith i gcónaí freagrach dá réir sin. Tuigtear nach mbíonn sainscileanna sa réimse úd ag móran ar an bhfoireann; caithfear a chuimhneamh freisin gurb iad na húdarais reachtúla atá freagrach as fiosrú i gcás drochúsáide agus ní haon ghnó é d’Oifigeach(igh) Teagmhála um Chosaint Leanaí de chuid na Comhairle na d’aon bhall foirne eile in Údarás Áitiúil.
- Priontáil an Polasaí um Chosaint Leanaí (pdf, 485Kb)